Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0100
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sean-bhean in a cómhnuidhe i mBóthar na mBacach fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)síos agus cluiche a imirt. Shuidhe sé síos agus thosuigh sé ag imirt agus níor éirigh sé ó an mbord gur chaill sé gach pighinn a bhfuair sé ar an gcart cruithneachta.
D'imthigh sé abhaile annsin go brónach agus é a rádh leis fhéin gach le móiméad "cé'n sórt mhí-ádh a bhí orm dul istaech sa dteach san chor a bith." Nuair a bhí sé ag teacht in aice a thíghe fhéin ní raibh fhios cé'n caoi a rachadh sé isteach chuig a mháthair gan an airgead aige.
Cuir sé an capall isteach i dteach na gcapall agus annsin dubhairt sé leis féin go rachadh sé isteach ar chaoi ar bith agus chuaidh sé isteach. Bhí a mháthair ar buille ag iarraidh cé'n fáth a raibh sé amuigh chómh deireannach sin acht níor dubhairt Dómhnaill focal go fóll.
Shuidhe sé síos agus thóg sé a shuipéar. Annsin tosuigh sé ag cainnt agus i gceann tamaill tháinic misneach chuige agus d'innis sé an sgéal ar fad d'a mháithair. Ní raibh fhios ag a mháthair céard a dhéanadh sí chor a bith. "Beidh an "seirif" istigh maidin amáireach agus níl pighinn san dteach againn" ar sise. Níl aon mhaith i gcainnt anois,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Áille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hÁille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lios, Co. na Gaillimhe