Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ‘Sé Caithrín Líath an bhaile na bhfuil comhnuidhe orm. Tá sé suidhte i bpáraíste Lachaigh agus i mbarúntacht Claír. Tá sé tuairim ón deich míle ó bhaile mór na nGallimhe agus sé míle ó Bháile Áth an Ríogh.
á sé tighthe déag ann anois agus bhí seacht gcinn déag ann fadó. Tá cinn slinne ar naoí gcinn acu agus ar an seacht eile tá cinn túighe. Sé Conghaile an sloinneadh is mó atá ann. Sé an chaoí a bhfuair sé an t-ainm Caithrin Liath, tá sean-dún ann a chuir na Tuatha Dé Danann ann fadó. Níl go leor sean- cabhlach ann anois ach teach amhaín. Tá pompa ann agus chuala mé gur síos trí theallach sean- teach a thuit fadó a chuireadh é nuair a bhí siad ag cur síos san talamh é.
Níl aon duine ag dul go h- America as an áit seo anois ach timcheall seacht nó ocht mbliáin ó shin bhí go leor daoine ag dul ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe