Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0090
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dhuine ar bith béarfaidhe Dia Domhnaigh ní feicfidh siad taidbhse go deo.
Bean tinncéara agus Bean táilliúra sin beirt nár réidthig ariamh lé chéile.
Tá sé ceart splannc ó'n teine a chur faoi'n gcuinneoig nuair a bhíos siad ag deanamh maistre.
Má thuitéann an tlú ar chúl na teinead béidh strainséar ag teacht.
Níl sé ceart an luaithreach a chúr amach nuair a bhíos an ghrian ag éirge.
Níl sé ceart a dhul ag an tobar agus lorg bainne ar an gcanna.
An dóras a thagas tú isteach is ceart dhul amach an doras céadna.
Níl sé ceart dhul i mún uisge san oidhche mar ní leat fhéin é.
Níl sé ceart an t-úisge a nígeadh na cosa a fhágáilt istigh san oidhche.
Má bhíonn cearc bán agus cearc dearg ag troid bheidh strainséar ag teacht.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Bhuadhcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Marbhuigid Ní Bhuadhcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe