Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éinne ag dul ó'n áit go dtí America anóis.Fadó bhí cíll agus mainistir i gCill-Sgeach agus bhí na sean-daoine go léir as an gceanntar ag dul go dtí an t-aifreann ann. Bhí marghadh ann freisin gach Aoine, agus bhí bóthar ag dul tríd mo thálamh féin ag dul siar go dtí márghadh Cill-Sgeach. Bhí go leor tighthe ann an uair sin, acht aon oidhche amháin chuir na tighearnaí talmhan na daoine amach ar thaobh an bhóthair mar ní raibh siad in-ann an cíos a íoc. Tá leath cuidh dé'n cill le féicheal ann go dtí an lá seo agus in-aice leis tá sean-teampall agus tá a lán daoine agus leanbhaí óga cuirtha ann, agus tá siad ag cur na leanbhaí óga ann go dtí an lá seo. Bhí go leor sgeach ag fás timcheall na cille agus sin é an fáth go dtugtar Cill-Sgeach ar an áith. Bhí an cill agus an mainistir in a seásamh ann go dtí gur tháinig Cromaill go h-Éirinn agus d'ionnsuigh sé iad.
- Bailitheoir
- Filomena Ní Catháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe