Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0029
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amháin, bhí sé ag teacht tar loch beag uisge glan áit a rabhadar ag fághail uisge i gcóir an taé agus céard a chonnaic sé ag nígh a cuid éadaigh san loch acht an beansídhe agus slís in a láimh aicí. Dubhairt sé léithi a theacht as an áit sin agus gan a bheith ag cur salachar san uisge glan. Dúbhairt sí leis a imtheacht abhaile agus gan a bheith ag cur isteach uirthí, níor dhúbhairt sé aon ceó acht chaith sé an balla isteach uirthí agus rith sé. Deirigh sí agus rith sí na dhiaidh agus chaith sí an shlis leis; d'íompuigh sé agus thóg sé an slís agus as go bráth leis abhaile agus an beansídhe na dhiaidh. Chuaidh sé isteach san teach agus bhí sise ag an doras agus í ag caoineadh in dhíaíd an slís. Dúbhairt duine leis an slís a thabhairt dhí acht gan a lámh a chur amach. Chuir sé an slís amach leis an sluasad agus dfhág sí lorg a laimhe ar an sluasad.
- Bailitheoir
- Sorca Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhóin Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Seósamh Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhóin Ard, Co. na Gaillimhe