Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)

Suíomh:
Creamhros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Colm Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach Ros
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Longbhriseadh Eile sa tSúilighe”
  4. XML “Longbhriseadh Eile i Loch Suilighe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bliadhain i ndiaidh an Chogaidh Mhóir bhí long gaile ag dul ó Shasain go America le lód óir. An Laurentie" an t-ainm a bhí uirthí agus suas le seacht milliún punnta de ór leithe. Ag dul thart le Ceann Fhanada thainic long fó-thoinn do chuid na n-Gearmánach uirthí agus pholl an long fó-thuinn í. Bhí an áit fá thuairim dhá mhíle ó Cheann Fanada agus bathadh iad uilig. Phleasc sí suas san aer sul a dteachaidh sí síos agus bhí an pléascadh sin le cluinstin i bPort an t-Salainn seacht míle ar shiubhal.
    Chuaidh an t-ór agus an fhuireann síos go tóin na fairrge. Tamaill ina dhiaidh sin tháinic seasca do na corpanna aníos go bárr an uisce. Chruinnigh na Sasanaigh iad agus thug aníos iad go Bun Crannuighe, Cuireadh an seasca acu in uaigh amháin i Fathan Mhura, trí mhíle ó Bhun Crannaighe. I ndiaidh an Chogaidh thainic bád do chuid an Rialtais agus thochail siad an chuid is mó dén ór. Chaith siad cupla bliadhain ag obair uirthi agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge