Scoil: Scoil Naomh Colmcille, Kilmacrennan (uimhir rolla 17036)
- Suíomh:
- Cill Mhic Réanáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mícheál Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SketchSoitheach Ársa [ancient vessel]
SketchSoitheach Ársa [ancient vessel](Note on find on following page)
Fuair Éamonn Mac Lachlainn an soitheach seo, Mí na Bealtaine 1931. Buachaill óg é ata na chomhnuidhe igCeathramha-na-gCanonach 'sa pharóiste seo. Bhí sé ag baint monadh agus sgraitheach, ins an phortach tuairim ar 400 slat ar an taobh thíar den sgoil igCeathramha-na-gCanonach, nuair a fuair sé é shíos 'san mhóin. 'Sa deanamh agus 'sa mhéid bhí sé comhsamhail leis an dreacht ar an taobh thall. Ní rabh fhios aige gur rud ársach luachmhar é agus bhí sé na luighe ag cloich a bhaic le tiormughadh agus le doitheadh. Chuir mise isteach go dtí an t-Árd Museum imBaile a' Cliath é: chuir siad suim mhór ann agus tá sé le feiceal aca anois. Soitheach ime é deannta de phíosa amháin darach. Níl sé comh mór anois is bhí nuair a tógadh 'sa phortach é. Tá trí cosa air mar tá le feiceal 'sa phictiúir. Tá a leitheid iongantach gann 'sa tír seo. Deirtear go bhfuil sé suas le ceithre mhíle bliadhain daois.
M. Ó Gallchobhair, O.S.
Samhain 1935
Cill Mhac nEanain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- M. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)