Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 237
- XML “Pósaithe - Téarmaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dream a bhfuil iomrádh pósta orm agus nach bhfuil pósta go foill.9. Domhnach na Diúgaireachta i e. an Domhnach roimh Domhnach an Siosarnaigh nó Domhnach an Chogarnaig. Bíonn na cailíní óga ag fiachail leis na fir óga a mhealladh chun spraic cleamhnais a chur orra.10. An chéad Domhnach a eirigheas an lánamhan óg amach 'un Aifrinn. Siubhalfaidh siad le chéile iomlán an bhealaigh, ón teach a rabh siad ann go dtí teach athar na brighdeóige. Is gnáthach féasta a bheith ann an lá seo. 'Outgoing Sunday' an t-ainm atá air i mBéarla.Domhnach Bum Balcaigh ? an t-ainm Gaedhilge atá air. 'Seán Bán Mac Meanman' a thug an t-ainm doinh.
Míniú.
N.B. Y-teóir: Thiocfadh dó gur b'é seo an focal céadna le 'bhaetéir' - (coastguard): tá an focal bhaetéir ins an foclóir (Mac Cionnaith)Bailighteóir: Ailbhe Ó Conaín O.S. S.N. Baile na Bó.
Seanchaidhe: Gach seandhuine thart fán Fhálcarrach a bhfuil eolas aige nach rabh agam feín. : Aois 48 bliadhna.- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)