Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 236
- XML “Pósaithe - Téarmaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. An fear nuadh-phósta.
2. An bhrighdeóg.
3. Na y-teóirí (pronounced as written): an bheirt atá mar chuideachta le seasamh leó ag an bhainfheis, mar cháirdeas Chríost.
4. Y-teóracht (sponsoring the new couple. Focal iongantach fairsing. Ní fhaca mé sgriobhta ariamh é.
5. Dáil: cruinniúghadh ag socrú fán bhainfheis an chéad uair.
6. Domhnach an Smuit: an chéad Domhnach ins an Chorgus. Deirtear go mbíonn smut ar an dream a bhí ag dréim le bheirt pósta, acht a fágadh diomhaoin.
7. Domhnach na Smut: Is ionann seo le Uimhir a 6.
Chualaidh mé féin go minic, Domhnach na Smut. Tá Domhnach an Smuit leithideach fosta i n-úsáid.
8. Domhnach an Siosarnaigh}
Domhnach an Chogarnaigh
Uimhir a 8. Sin an Domhnach Roimh an Chorgus. Domhnach deireannach ins an Inid. Bionn gach duine ag labhairt go h-íseal agus fá rún ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)