Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Turas Naofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ainm ar an cheann seo fosta. Tá an ceann seo míle ón tobar i líne díreach. Ar bhruach na fairrge atá an eas seo nó an tobar seo agus é 20 troigh os cionn na fairrge. Níl balla nó a dhath mar sin thart ar an tobar, agus níl clár nó cumhdach de chineál ar bith ann.
    3) Is é Naomh Fionán naomh patrún an tobair.
    4) Árd Fionáin agus Eas Fionáin an dá ainm atá air.
    5) Théidheadh daoine annsin fadó ag deanamh an turais ar an 15 adh Lughnasa, lá ‘éile Muire fá Lughnasa, an chéad Luain in gach Ráithe, an chéad luain i mí na Bealtaine agus an 1 adh Luain, Mí na Lughnasa. Théid na daoine ann go fóill ar na laethibh seo, agus go speisialta 15 adh Lughnasa agus an céad Luain i mí na Lughnasa agus an céad Domhnach sa mhí seo fosta. Téidheann siad ann Aoine a’ Céasta. Gnidh siad an turas gach am a d-téidheann siad ann. Tá lá éile Fionáin ar an 12adh Mí na Nodlag acht is beag iomrádh ar an lá seo anois.
    Fadó mhair an turas dhá sheachtmhain agus i rith an ama sin d’óladh cuid mhór poítín, agus is iomdha troid a bhí ann le linn an turais bheith ar shiubhal.
    Téidheann daoine ann le leígheas fhagháil má tá tinneas de chineál ar bith orra. Tá leígheas an déididh ins an turas seo agus deirtear go rabh leígheas ann i
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Dhuirnín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall