Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Turas Naofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eas Fionáin, cois na fairrge. I mbaile fearainn- Oirthear Dhumhthaigh - Fálcarrach(?)

    1) Tá dhá ainm ar an tobar seo- “Árd Fíonáin” agus “Eas Fíonáin.” Is é an t-ainm dheireannach atá le cluinstin anois i gcomhnuidhe.
    2) Tá an tobar beannuighthe seo suidhte ar bhruach na fairrge i mbaile fearainn a bheirtear “Óirthear Dhumhthaigh Mór” air. Nuair atá an fhairrge ag trághadh tá giota maith ón tobar go d-tí é. Níl tobar ar bith ann mar tuigtear an focal “tobar" faoi láthair. ‘S é a bhfuil le feiceál trí srutháin uisce ag brughadh amach as an talamh ós chionn an chladaigh agus ag sileadh anuas ar bhruach na mbeann síos go dtí gainimh na trágha síos ar íochtar. Tá an t-uisce comh fuair i gcomhnuidhe agus is féidir a bheith. Tá sé glan, glé fosta. Níl sgeach, crann ná dadaidh eile i ndeas do'n tobar. Tá teampall fá leith-mhíle do'n tobar. “Teampall Ráithche”, a bheirtear air. Tá na ballógaí ann go foíl, agus tá an mhór-chuid den teampall le feiceál. Níl díon ná doirse air, acht is beag nach bhfuil obair na gcloch uilig ann. Níl aon teampall eile comhgarach do Eas Fionáin, ach amháin an teampall luaidhte thuas atá amach as usáid. Tá teampall Protustúnaigh atá fosgailte go fóill leath mhíle eile ón tobar. Teampall Ráithche atá mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Dhuirnín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall