Scoil: Mín na Croise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Choileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Croise
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Amhráin Bhriain Conaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus pháirt mhór de m'aibhleas fhéin
    Pósadh mise gan amhras ar shamhailt ná
    mná gan scéimh
    Da gcastaidhe an cailín as Gleann Damh
    go rachainn i gCleamhnas leí
    IV
    Níl sé ach anuraidh ó phós mé
    'Gus is fuide liom lá no bliadhan
    Níl mo spéis i n-imirt no 'n-ól
    Na aon spórt da bhfaca mé ariamh
    Ach a coinnugadh bothan gan foghnughadh
    'Se D'fhag mé faoi bhrón a Choidhc'
    'Gus Is truagh nar síneadh mé i gComhnar?
    An lá a dubhairt mé gabh ann mo líou.
    V
    Nuair a théighim go toigh bainnise nó tórramh
    'Se fiafruighras 'ach ogochan? díom
    'A Chormaic a bhfuil tusa pósta
    No a n-aithnigheann tú 'nóige a claoidh
    'Se Dubhairt agus Deirim-sa Leobhtha
    go n-aithnigheann go mór faraor
    An méid aca sin atá gan pósadh
    gur b'aca? atá sógh an t-saoghail.
    VI
    Nuair a theighim-se go hAifreann a Domhnaigh
    agus tchím an t-aos óg a teacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Aindreas Mac Giolla Easbuic
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín na Croise, Co. Dhún na nGall