Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 121
- XML “Seán an Bháta Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sceall sí an fairrge roimpí naoi n-itthe agus naoi n-iomhaire isteach ar an talamh agus b’eigeann do deireadh a bhí fa’n chladach theitheadh. Chuaidh Seán ‘un toraigh agus go díreach nuair a bhí a craos foscailte aice le ‘n-a shlugadh siar, thug sé buille dé’n bhata móir dithe isceach idear a dá súl agus thuit sí siar marbh ar [bhárr]? an uisge.
Pósadh Seán annsin ar ingean an bháinrioghaine agus bhí mise ann. Fuair mé stocaí bainne reamhair agus bróga páipéir agus goideadh sin uaim nuair a bhí mé teacht abhaile.
Nuair a bhí mise ar an ath, bhí siadsan ar an chlochan. Báitheadh iadsan agus tháinig mise.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 34
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall