Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 120
- XML “Seán an Bháta Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus thug sé leis a bhata mór agus d’imthigh leis.
Tháinig sé fhad le cladach agus ar bhruach an chladaigh agus ar bhruach an chladaigh chonnaic sé bean ceangailte de stáca. D’fiosruigh sé díthe cé’n fa’th a rabh sí ceangailte [auis]? D’innis sí do go dtigheadh péist isteach gach seachtadh mbliadhain le duine a ithe agus go dtáinig sé ar a crann aicí an t-am seo í fheín a thabhairt dó. Dubhairt seisean gur mhór an truaighe sin agus go bhfanochadh sé feín go dtiocfadh an phéist agus go bhféachfadh sé le n-a marbhadh.
Lá thar na bhárach bhí scaifte mór thíos ag an chladach agus tháinig an péist mór isteach agus í ag réideadh ar mire. Bhí Seán réidh fa n-a coinne agus thosaigh an troid eadar a’ bheirt. Bhuail Seán buille oirthí leis an bhata mhor agus d’imthigh sí amach agus í cur na fola. Tháinig sí isteach an dara h-uair agus í ar mire ag réideadh agus ag builgearnaigh. Bhí sí ar cur na fairrge i-n áirde sa’ spear agus a dá súl ar lasadh. Thug Seán an darna buille dí agus thobar nach sgaith sé’n ceann díthe agus d’imthigh sí amach airís. An triomhadh h-uair a pill sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 34
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall