Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bíos géacha fiadhaine le feiceal ag tarraingt ar na cnuic go luath ins an gheimhreadh sin comhartha siocain agus sneachta.Nuair a bíos aimsir mhaith ann agus an cat le feiceal ag cur a thóin leis an teine sin comhartha boglaigh.Nuair a bíos aimsear mhaith ann agus éasógaí le feiceal na rith amach agus isteach ins na claidheacha sin comhartha fearanna.Nuair a bíos stríceacha móra géala le feiceal ins an spéir lá maith sin comhartha gaoithe móire.Ma teidh na géacha ar eiteóig bíonn siad ag deanadh gaoithe móireNuair a bíos aimsir olc ann agus corr mhónadh le feiceal ag gabhail síos an abhainn sin comhartha aimsir mhaith.Ma bhíonn na cearca ag ól uisge agus imtheacht i bhfád ón teach sin comhartha aimsir mhaith.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eoghan O hEarcain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fána Bhuí, Co. Dhún na nGall