Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 152
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shoin darb' ainm baal, agus lastaí teine i n-onóír do ar an bhaile.
Níl ach beirt sheanduine ar an bhaile os cionn 70 bliadhain. Tá Gaedhilg mhaith aca agus thig leo sgéaltaí go leo[r] a innse. Diarmaid Ó Dubhgán agus Sorcha Ní Rabhartaigh na h-ainmneacha atá ortha. Tá an bheirt aca ábalta sgéaltaí innsint.
Tá sean chabhlach ar an bhaile. Bhí fear agus bean agus a nighne 'na gcomhnuidhe ann. Fuair an bhean bás nuair a bhí an nighean óg. Ní rabh ar an nighean ach cos amháin agus bhíodh sí ag éileamh go minic. Nuair a fuair an t-athair bás fágadh an nighean annsin léithe fhéin. Sé an gléas beo a bhí aicí nuair a cuireadh a muinntir bhí sí ag fághail ceithre sgillinge de airgead theach na mbocht. Nuair a d'éirigh sí aostta cuiredh go teach na mbocht í. Tá sí ar shiubhal le trí bliadhna agus fuair sí bás anuraidh. Ní rabh sí a bhfad ar shiubhal gur thuit an ceann de'n teach a bhí aicí, agus tá giotaí de bhallaí na mbeann agus na taoibh ballaí le feiceáil annsin go fóill. Colm Ó Gallachobhair agus Máire Choluim a n-ainmneacha. Tá sean chabhlach eile ar an bhaile agus na daoine a bhí ann chuir siad teach úr eile suas ag a thaoibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall