Scoil: Caiseal na gCorr

Suíomh:
Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal na gCorr
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An tomhas:- Da gcaillfea sgilling caide dheánfa da bhfuighthea í?
    Freagar:- Stadfa a cuartughadh
    Tomhas:- Ceithre cosa suas agus ceithre cosa síos, istuigh i lár báire bog, agus amuigh cruaidh.
    Freagar:- leabaidh.
    Tomhas:- Mol iarainn agus ruball olna air.
    Freagar: - Snathadh mhór agus snaithe olna inntí.
    Tomhas:- Caidé théid thart ar an adhmad, agus thart ar an adhmad, agus nach bhfághainn isteach san adhmad?
    Freagar:- croiceann crann.
    Tomhas:- Leath beo agus leath marbh, agus a ruball ag crathadh.
    Freagar:- madadh agus a cheann i bpota.
    Tomhas:- Trí, ceithre cudramain ag dul siar go Dún na nGall, gan suíl na beul ar cheann acu, agus iad uilig ag caint
    Freagar:- Píobaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann