Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 109
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí rí i n-Éirinn fadó. Nuair a bhí sé trí ráithe pósta rugadh inghean dho.”
(ar lean ón leathanach roimhe)B'ainm
" Caithfhidh mé ghabhail fá na coinne ar maidin i mbaireach", arsa seisean. Ar maidin lá thar-na- bhárach d'eirigh sé le sollus an lae. Nigh sé a éadan agus a lámha, a chuid súile agus a mhalaí. D'iarr sé ar Dhia é chur ar a leas má bhí leas i ndán do, go rabh aige le teacht go h- Éirinn fá choinne inghean an Rí. Chuaidh sé síos ar bhruach na trágha. Thóg sé sgian bheag as a phóca agus cláirín péinne as an phóca eile. Bhain sé sliseog dé'n chlár le sgian. Rinne sé long dé'n shlis ar bhruach na trágha. Chuir sé amach ar an fhairrghe í agus d'imthigh sí míle agus léige amach san uisge. Thug sé léim isteach san bhád agus d' imthigh sé. Chuir sé suas(leanann ar an chéad leathanach eile)