School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 109
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí rí i n-Éirinn fadó. Nuair a bhí sé trí ráithe pósta rugadh inghean dho.”
(continued from previous page)B'ainm
" Caithfhidh mé ghabhail fá na coinne ar maidin i mbaireach", arsa seisean. Ar maidin lá thar-na- bhárach d'eirigh sé le sollus an lae. Nigh sé a éadan agus a lámha, a chuid súile agus a mhalaí. D'iarr sé ar Dhia é chur ar a leas má bhí leas i ndán do, go rabh aige le teacht go h- Éirinn fá choinne inghean an Rí. Chuaidh sé síos ar bhruach na trágha. Thóg sé sgian bheag as a phóca agus cláirín péinne as an phóca eile. Bhain sé sliseog dé'n chlár le sgian. Rinne sé long dé'n shlis ar bhruach na trágha. Chuir sé amach ar an fhairrghe í agus d'imthigh sí míle agus léige amach san uisge. Thug sé léim isteach san bhád agus d' imthigh sé. Chuir sé suas(continues on next page)