Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 069
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí girrseach bheag ann uair amháin darbh ainm Máire agus fuair a máthair bás nuair a bhí sí na leanbh agus phós a h-athair arais.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Sí cé a bhí ag tabhairt a cuid do'n cháilin acht ni fhaca sí rud ar bith. An dara lá chuir sí amach an inghean ba sine agus chuaid sí i bhfolach i gcúl claidhe acht ní fhaca sí rud ar bith. An tríomhadh lá chuir sí amach an dara inghean agus bhí súl neimhe i gcúl i ceann aici se. Chonnaic rí an chaora dhubh ag teacht fhad le Máire agus ag spréidheadh tábla de gach seort bidhe ag na taoibh. Ghlac sí oiread corruigh gur rith sí na bhaile agus gur innis sí an sgéal dó na mathair. Ní dhéanfadh rud ar bith cúis do na máthair acht go mairbhfeadh sí an chaora dhubh, agus marbhuigheadh sí an chaora dhubh, an oidhche sin. An dara lá chuaidh Máire amach, chonnaic sí taidhbhse an chaora dhubh ag tarraing uirthi agus dubhairt sí gur ise a mathair agus chóirigh sí tábla de gach seort bidhe agus d'ith Máire a raith. Chuaidh sí na bhaile an oidhche sin agus í ag gairide. Bhí damhsa(leanann ar an chéad leathanach eile)