Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá abhann ar an Mhean agus sé'n t-ainm atá uirri an n-Aldarrach. Tá'n abhann seo uasal. Lá aonaigh an Chraos-laoigh amháin tháinig fir as Machaire-Roartaigh fa chionne bataí a bhaint sa'n choille a bhí ann, le curraigh a dheanamh. Bhí dhá charr leobhtha fosta . Bhí sean- dhuine na chomhnuidhe shuas annsin darbh ainm Domhnall Chormaic agus bhí sé iongantach mór leis na daoine agus d'innis sé diobhtha go raibh Seosamh Mór ar an aonach agus go gcaithfead siad déifre a dheanamh. Badh é Seosamh an cean fiadhan a bhí ar na daoine beaga. Rinne siad déifre agus go direach nuair a bhí siad ag teacht anuas ag "Tóin na Meane" togadh an dá charr o'n bhealach- mhór agus fagadh sa chearan iad. Na daoine beaga ag bualadh boc (cleas) ortha a ba chúis leis.
- Bailitheoir
- Séamus Ua Caisleán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Caisleán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Dhún na nGall