Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 328
- XML “Cailísí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beannuighthe. Bhí an sgéala ina measg i rith na seachtaine roimh roimh ré go raibh sagart ar na Rosaibh feár óg a bhí taréis orndneadh san Spáinn le bheith i láthair. Drátha an ama a bhí leagtha amach aige thainic ar mhuin chapaill agus eadach tíre air. Ghléas sé é fhéin agus rinne réidh le iobairt an Aifrinn a ofraíl suas.
Chuir sé an dubh-iongtanais ar na daoine an leabhar mór órnaideach a bhí aige agus na cailisí oir.
Fhad is bhiodh an t-Aifreann ag dul ar aghaidh bhíodh fear faire i dtólamh ag coiméád ar an ardán abh áirde comhgarach ionnus nach mbéadh caoi ag an námhaid ( Na Gaill-na halbanaigh bhuidhe_ theacht ortha ingan fhios.
Bhí an t-Aifreann thart agus an sagart ag tabhairt comairle dó na daoine an dóigh cheart le ultacha a mbeatha a iompear go foigdeach ionnus go mbéadh an luach saothair mór a fághail aca ar an t-saoghal eile. An tultach badh mó abhí le h-iompchar aca an masla a bhí siad fághail ó na Gaill cionnus bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)