School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 238
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(continued from previous page)“Caithfhidh tú mise a throid imbárach” adeir sé.
Chuaidh an bheirt le chéile agus bhí siad ag troid go dteárn síad bogán den creagan agus creagan den bhogán agus dá mbeadh fear ó iochtar a’ domhain go uachtar a’ domhain gur ar an dís a thiocfhadh sé a dh’amharc.
Nuair a bhí neóin agus deireadh an lae ann thug an buachaill fuscadh dó agus an darna ceann steall sé an cloigeann dó. Thug sé léim eadar an cholainn agus an cloigeann. “Char bhac duit” arsa an fathach, “dá bhfuighinn sé ar a’ cholainn arais feara fáil nach scarfhadh é”.
Chuaidh sé isteach chuici-se annsin agus ní rabh sise a’ brathach é leigean ár shiubhal ní bfuide acht dubhairt seisean go gcaithfheadh sé an bheirt eile a’ chuartughadh.
D’imthigh sé leis ar maidin agus nuair a chuaidh sé amach thainig an t-each dubh fhad leis arais, agus thug sé go dtí caisleán é á rabh cumhdach sgullingeacha air. Bhí fathach mór(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall