School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gheárr sí giota beag amach as a bhutais agus chuir i dtaisgidh é.
Tháinig mac rí na Tuirce, leabhar fosgáilte agus claidheamh tairringiste agus bhain mionna aistí nach n-innseochadh sí a choidhche nar bhé eisean a rinne na tréithre. Sín siad leó na bhaile.
Nuair a thug bean a’ toighe a shuipeár do Dhonn an oidhche sin tharraing sí uirthí sgéal mhac rí na Tuirce, go rabh nighean rí na Gréige bainte aige anois gan bhuille gan urchar.
Chuir an rí cuireadh amach, d’iarr sé ar an bocht agus an nocht, lag agus laidir, fear uasal agus bachach, gan duine ar bith fanacht sa’ Ríoghacht nach gcruinneóchadh na bainse. Ins an am sin dheánfaí an bhainfheis sul ina ndeánfaí an pósadh. Siúdh oidhche na bainfhéise, d’éirigh nighean an rí na seasamh. “A athair” a dubhairt sí “chá bpósaim aon fhear a choidhche acht an fear a bfóisfhidh na trí ghiota seó do; dlaoidhéoig na gruaige seó, agus giota éadaigh, agus giota leathair.
Thoisigh achan ghaisgidheach a’ chruinniú, ag deánamh go bfóisfheadh sé dó fhein, acht(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall