Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 147
- XML “Póstaíocha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buideal uisge bheatha. agus bhuaileadh siad isteach i dteach a rabh cailín óg ann. Bheadh baramhail ag muintir an tighe caide a bhi ar cois. Cibe ar bith chuirtí an comhradh an tosaigh. Diarrfadh an bhoighteóir an cailín. Da n-eirigheadh leo bhí go maith. chuirtí thart an t-uisge beata. Mar n-eirigheadh ní rabh ann ach bualadh ag doras eile.
Beadh dáil sa teach an oidhche sin no bfeidir an oidhche ar na bhárach. Shocrughadh na sean daoine ar gach taobh an spré - níor bfiu mórán seo - bó agus cupla ceann chaorach. Bhí airgeadh amach as ceist.
Mhairfeadh an dáil go maidin. Chuirti an bhiotailte thart go fras. Póitin is mo a bhiodh in a said. Bhí seo le faghail saor. Bhíodh ceol agus rinnce ag an taos óg. Bhéadh oidhche dáile chóir a bheith go maith le oidhche bainnse.
Theigheadh seal aimsire thart eadar dáil is pósadh.