Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 38
- XML “Boilg Thoraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa droch am fado, bhí muinntir Thoraigh ag iasgaireachta agus fuair siad losda scadan. Mheas siad go bfuigheadh siad luach ní bfearr ortha anoir fa Ghaoth Dobhair na gheobhad siad ortha fa na puirt soir, agus dimthigh leo, seisear acu.I dtús mhí na Beáltaine a bhí ann. Bhí lá ar dóigh ann. Ag iomradh a bhí siad leo ar a (s) suimhneas. Go díreach nuair a bhí siad ag teacht isteach sa chumhaingeacht eidir Innis Oirthear agus Tír-Mór, déirigh na trí tonnaí na ndiaidh. Bhris siad anuas na mullach agus cailleadh iad fhéin agus an bád. Builg Thoraigh a tugadh ar an áit ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)