Scoil: Doire Beag (B.)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Liam Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag (B.)
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “Lá na Tuileadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I mí Lughnasa sa bhliadhain 1880 thuit bailc throm fearthanna agus cloch sneachta ar thaobh an chnoic comhgarach de bhaile Dhoirebeag. Dia Domhnaigh a bhí ann agus bhí poball an Aifrinn cruinn i dteach an phobaill. Anuas an sruthan a bhí deas do thig an phobaill tig an tuile. Ca bith mar druideadh cúrsa an uisge, bhris an tuile isteach sa teach. Thug na daoine iarraidh ar imthigheacht go maith is thainic leo. Bhí an té a bhí láidir ag cuideadh leis an an lag. Bhí teann na tuileadh mór agus sciobadh go leor ar shiubhal. Ba mhiorbhuilte nar cailleadh tuilleadh. Bhí an gleann amach go dtí an fhairrge mar loch ann. Nuair a thraigh an tuille bhí an áit strocthe, sualta? agus é uilig faoi lában.
    Cuireadh eagar ar an áit na dhiaidh sin san dóigh nach baoghal de thuile briseadh isteach níos mó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. báisteach agus tuilte (~124)
    Teanga
    Gaeilge