Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)

Suíomh:
Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun an Inbhir
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeal
    Bhí fear ann fadó darbh ainim Domhnall Óg agus bhí sé ag foghluim le bheith ina sagart. Ach thainig droch sláinte aige agus bhéigean dó teacht na bhaile. Achán Domhnach rachad sé ‘un Aifrinn agus crochadh sé a cóta mór san áit a mbéadh an gréim ag soillsiughad. Maidín amháin chonnaich se beirt ban agus troid agus sheasuig sé ag eisteact leó. Nuair a chuaidh sé ‘un toigh an Pobail chroc sé a cota mór san áit abh gnátach leis ach tuit sí arís. Smaontig sé go dtearn sé peacad agus chuaidh sé ag an t-sagart. D’innis an sagart do go rab peachadh marbhta deantaí aige, agus go rab aige le dul amach san abhainn ar an meadon oidhche agus bata leis agus fanacht annsin gó mbéadh cuinc liath ar barr a bata. Nuair a tainig an meadon oidhche dubhairt Domhnall Óg le mhatair go rabh pionús cruaidh roime-san agus dimtigh sé. Í dtráthaibh an h-aon connaic sé an toirt dubh ag tarraingt air agus sgannruigh sé. Bhí an toirt ag teact agus gabháil treasna na h-abhna, taob tuas dó. San deireadh connaic sé fear agus labhair sé leis. Chuir an fear ceist air caidé a bhí sé a déanamh annsin agus dinnis Domhnall Óg dó. “Maise is maith mar atá mise arsa an fear a bfuil dhá bolág
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ó Fearraidhe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Padruig Mac Giolla Comhgaill
    Inscne
    Fireann