Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 108
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgealChuaidh fear isteach í dtígh óstá oidhche amháin bhí agus cuaidh sé úa luighe í leabhaidh ag taobh lánamhain óg a bí indiaidh a bpósad. Ins a oidhche chuaidh an fear a bhí indiaidh a phósadh a brionglóidí agus dubhairt sé go rabh ocras air. D’eirig sé agus chuaidh sé amach ach cha dteachaidh sé céad slat gur lean an (dan) fear é. Musgal an fear a bhí ag brionglóidí agus shil sé gub é an diabal a bhí ag rith ina dhiaidh. Phill sé agus rit sé go dtí an tígh ósta aríst an méid a bhí ina corp ach bí an diabhal ins na sálaí aige. Chuaidh sé i luighe ag taobh a mná agus túisig sé ag innse do’n mnaoí caidé deirig dó. Chuaidh an fear eile a luighe í leabaidh eile ag a thaobh agus bhí sé ag éisteacht lé gach uile rud sa dtaobh de’n diabhal. Deirig sé agus dinnis sé (sé) do’n fear gurb easean a lean é, agus d’iarr sé easean a cur ar fastód aige. Rinne an fear seo, agus tug leis an buachaill go dtí a teach féin agus cuir sé ar fastódh aige é. (I) Ins an am sin bhí ministir ins an áit agus bhá maith leis an fhear an buachaill cleas a bualad air mar bhual sé air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Fearraide
- Inscne
- Fireann