Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 130
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deag guidhte agam”. Bhain se dó na bróga agus chuaidh sé amach san abhainn fosta. Idir sin agus maidín thóg fear aca a bhata agus bhí cuinc liat ar a bárr. Annsin tóg an fear eile a ceann fhéin agus bhí cuinc liath ar fan fosta. Dimthigh an péire aca na bhaile agus rinne Domhnall Óg suas a inntín imtheacht agus fhios a déanamh do fhéin. Dimthigh sé agus casad maistír air. Cuir sé ceist air (é) an dtiocfadh leis e a fastódh. Dubhairt an maighistír go dtiocfadh ar dóigh as nach dtiocfadh ar dóig eile.
“Ta go leor oibre le déanamh arsa seisean ach níl airgead ar bith agam lé díol leat”. Dubhairt Domhnall nach rabh airgead ar bith aige le díol aige leis-san nó go rabh a cuid ró maith aige. D’fan Domhnall ag an fheirmeóir ar feadh í bfad. Ní dhéanfadh sé obair ar bith Dia Satarn ón dó deag. agus rachad sé ‘un Aifrinn Dia Domhnaigh. Bhí dhá feirmeóir eile chóir na h-áite agus bhí buachaillí ar fastódh aca-san fosta. Nuair a chonnaic na buachaillí na rabh Domhnall Óg ag déanaam (obar) obair ar bíth Dia Satarn nó Dia Domhnaig. bá mait leó fhéin an rud ceadhna a déanamh.
D’innis siad dó na gcuid maighistírí é agus thainig siad gó dtí maighistír Domhnaill. Ach ní rabh Domhnall astuigh, bhí sé amuigh san phairc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Fearraidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padruig Mac Giolla Comhgaill
- Inscne
- Fireann