School: Bun an Inbhir (roll number 5166)
- Location:
- Bun an Inbhir, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bun an Inbhir
- XML Page 129
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgealBhí fear ann fadó darbh ainim Domhnall Óg agus bhí sé ag foghluim le bheith ina sagart. Ach thainig droch sláinte aige agus bhéigean dó teacht na bhaile. Achán Domhnach rachad sé ‘un Aifrinn agus crochadh sé a cóta mór san áit a mbéadh an gréim ag soillsiughad. Maidín amháin chonnaich se beirt ban agus troid agus sheasuig sé ag eisteact leó. Nuair a chuaidh sé ‘un toigh an Pobail chroc sé a cota mór san áit abh gnátach leis ach tuit sí arís. Smaontig sé go dtearn sé peacad agus chuaidh sé ag an t-sagart. D’innis an sagart do go rab peachadh marbhta deantaí aige, agus go rab aige le dul amach san abhainn ar an meadon oidhche agus bata leis agus fanacht annsin gó mbéadh cuinc liath ar barr a bata. Nuair a tainig an meadon oidhche dubhairt Domhnall Óg le mhatair go rabh pionús cruaidh roime-san agus dimtigh sé. Í dtráthaibh an h-aon connaic sé an toirt dubh ag tarraingt air agus sgannruigh sé. Bhí an toirt ag teact agus gabháil treasna na h-abhna, taob tuas dó. San deireadh connaic sé fear agus labhair sé leis. Chuir an fear ceist air caidé a bhí sé a déanamh annsin agus dinnis Domhnall Óg dó. “Maise is maith mar atá mise arsa an fear a bfuil dhá bolág(continues on next page)
- Collector
- Pádruig Ó Fearraidhe
- Gender
- Male
- Informant
- Padruig Mac Giolla Comhgaill
- Gender
- Male