Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 77
- XML “Mac Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ribeach ruadh agus dubhairt sé gur ar bhean an toighe an chead scéal a innse.
"Bhal," ar' sise, "tá seóid bheag agam-sa."
"Caidé 'n t-seóid í?" ars' an fear beag ribeach ruadh. "Taisbean damh í", ar' seisean.
Thug sí chuige cloca dorcha agus nuair a chuirfeá ort é ní fheicfeadh duine ar bith thú. D'iarr seisean annsin ar an chlaidheamh an chlaigeann a chathadh dithe agus chaith.
"Ó, bo-bo", arsa mac an ríogh, "caidé thug ort a leithid sin a dheanamh?"
"Ó", ar seisean, "nach cuma. Má thig muid an bealach seo a choidhche araist cuirfidh muid an chlaigeann uirri agus mar dtarraidh is mó an truaige muid fhéin."
Chodluigh siad go sáimh i mbothóig na caillighe an oidhche sin agus le bódhranacht an lae an maidín bhí siad ar a gcois. D'imthigh siad agus ní dearn siad stad ná comhnaidhe go raibh an neóin bheag agus deireadh an lae ann. Chonnaic siad solas i bhfad uatha agus tháinic siad fhad leis an tríomhadh bothóig.
Chuaidh siad isteach agus ní raibh istigh rompa ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Crosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall