Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an sean-dhuine nach raibh fhios aige dadaidh fá na hubhlaí ach go raibh dearbhrathair aige a bhí céad bliadhain níos sine ná é fhéin agus go mb'fhéidir go dtabhairfeadh seisean an t-eolas do a bhí ag taisdeal uaidh.
Bhí sé ar a chois le bánughadh an lae ar maidín lá thar na bharach, agus chuaidh i gcionn an aistir. Shiubhal sé leis rith an lae go tráthnóna agus fá dheireadh chonnaic sé cró beag toighe, bhuail sé isteach agus chonnaic sé sean-dhuine meaithte, creapalta 'n-a shuidhe ag an teinidh. Chuir an sean-dhuine céad míle fáilte roimh mhac ríogh na hÉireann, d'iarr air suidhe agus thug cuireadh do fanacht go maidín. Thug sé biadh agus deoch do annsin agus bhí sin a dhith air.
Chaith an péire an oidhche ag comhrádh agus ag scéalaidheacht. Fá dheireadh chuaidh siad i luighe agus bhí codladh sámh aige mar bhí sé an-tursach. D'éirigh sé go luath ar maidín la thar na bharach fuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall