Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Is Giorra Cabhair Dé ná an Doras”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ceannócháidh mise uaid í" ars' an fear beag.
    "Cá mhéad a bheirfeas tú damh uirri?" arsa Seaghan
    "Bheirfidh mé na trí phlannda bheaga seo duit uirri" ars' an fear beag.
    Thug Seaghan an bhó do ar na trí phlannda agus thug sé a aghaidh ar an bhaile araist. Nuair a bhí sé fá ghiota de'n teach chonnaic sé a mháthair ag spaisteóireacht amuigh agus nuair a chonnaic sise Seaghan ag teacht, scairt sí leis an bhfuair sé mórán ar an bhoin. Thug sé freagar uirri agus dubhairt sé gur trí phlannda bheaga.
    Nuair a chuaidh siad 'un toighe fuair an mháthair greim ar na planndaí agus chaith sí amach ar an doras iad agus b'éigean do'n bheirt a ghabhail agus luighe 'n-a dtroscadh an oidhche sin.
    An maidin lá thar na mharach nuair a d'éirigh siad bhí trí chrann mhóra árda ag fás ós coinne na fuinneóige agus bhí siad comh h-ard sin nach dtiocfaidhe a mbárr a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall