Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “An Seomra Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'iarr sé an eochair uirri agus thug sí do í. Chonnaic sé an fhuil ar an eochair abhs bhí fhios aige go raibh sí istigh anns an t-seomra.
    "Anois," ar' seisean, "bhris tú an gealltanas a thug tú damh-sa, chuaidh tú isteach anns an t-seomra a bhí crosta ort, agus caithfidh mé tú a mharbhadh."
    Thug sí leis í go dtí an seomra draoidheachta agus mharbhuigh sé í.
    Annsin d'imthigh sé go dtí an teach seo araist agus scairt sé amach - "tabhair damh giota aráin, ná tá mé ag fághail bháis leis an ocras. Fuair an tríomhadh inghean giota aráin agus thug sí do é. Go luath agus thug sí an t-aran do fuair sé greim uirri, chuir isteach anns an bhascóid í agus thug leis go dtí an caislean í.
    Nuair a tháinic siad go bun an rása leig sé amach as an bhascóid í agus thug fríd an chaislean uilig í ach seomra amháin.
    Cupla lá 'n-a dhiaidh sin dubhairt an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séarlus Ó Dubhthaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall