Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    t-sean eochair”.
    B’éigean do mac Ríogh na Gile imtheacht annsin agus brón mór air. Pósadh mac Ríogh na hÉireann agus inghean Ríogh Chnoc an Óir ar maidín lá-thar-na-bharach agus bhí bainis aca a mhair trí lá agus trí oidhche.
    Indiaidh na bainse a bheith thart chuaidh an bheirt aca amach taobh amuigh de’n chaislean lá amháin agus bhí Rí Chnoc an Óir é féin leobhtha. Thaisbean sé thart gach uile áit fá’n chaislean daobhtha go dtí go dtáinic siad fhad le garradh a bhí lán blátha agus bhí iongantach deas. Dubhairt sé leobhtha go raibh cead aca a ghabhail gach uile áit timcheall an chaislean ach amháin isteach i ngarradh na mblát ach go raibh an garradh sin crosta orra, mar go raibh sé faoi gheasa.
    Cupla lá ‘na dhiaidh sin, ghlac siad siubhal eile daobhtha fhéin agus chaith siad tamall fada ag spaisteóireacht timcheall an chaisleain agus níor smaointigh siad caidé chros an Rí orra agus chuaidh siad isteach an gharradh, agus níor mhothuigh mac Ríogh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall