Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 51
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ars’ an dobharchú, “agus an greim a bhéaras mise dhuit na sgar leis ar aon sgór go dtarnochaibh tú an buille ar an Chrochaire Thárnocht. Fan a choidhche go dtógfaidh sé a lámh le breith ort, agus fuigfidh sé fosgailte an uile sheort faoi dó bhuille”.
Nuair a chonnaic ingeán ríogh Gréag é ag leigint an Chrocaire Thárnocht ro-ndeas dó. “A dhuinn Uí Dubhtaigh tabhair damhsa an ubh go bhféacfaidh mé fhéin léithi”.
“Maise, ní fhaca mé ariamh”, arsa Donn O Dubhthaigh, “neart mo láime deise ins a lathair”.
Thug an Crochaire Tárnocht iarraidh air, agus nuair a thóg sé a lámh le breith air chait Donn O Dubhtaigh an ubh air, agus bhuail sé an ball d’odhrán agus thuit an Crochaire Tarnocht marbh. Nuair a bhí sé ag fágail bháis dubhairt sé.
“Mo bheannacht duit-se, agus mo mallacht do d’oide is do mhúinteóir”.
Phill Donn O Dubhthaigh agus ingeán ríogh Ghréag ar chúirt agus ar caisléan ar Chrochaire Thárnocht, go dtearna sgíste, agus nuair a bhí sgíste deánta aca chuaidh siad síos i n-áit a rabh an bád, agus thionntuigh Donn Ó Dubhthaigh í aríst mar ba chóir, agus sháith sé amach í ar an fhairge
Phill sé ar chúirt an Chrochaire Thárnocht agus líon sé ar an bád lán d’ór agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall