Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 36
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgéithe. Chuir sé an chead fhásgadh, go dtí bhásta a bhrístí ins an ghainmh é, an darna fásgadh go poll a dhá easgall, agus an treas fasgadh go h-ubhall na sgórnaighe é.
“Fód glas ós do chionn a bheithidhigh shalaig”, ar seisean.
“Foil ort, a ghaisgidhigh a b’fheárr a connaic mé ariamh, agus bhéaraidh mé duit duais níos fheárr no mo cheann”.
“Goidé an duais a bhéaras tú damh?” arsa Donn Ó Dubhthaigh.
“Bhéaraidh mé an chlaidheamh sholasta dhuit, nár fhág ariamh fuigheall buille agus bhéaradh solus do’n domhan”.
“Ní hí atá mé dá shanntughadh acht do ceann”, arsa Donn Ó Dubhthaigh, ag tarraingt aníos as a thruaill a lann ludarach líomhthar agus aimsuighadh i gcomhrac a chinn’s a mhuinéail, steall sé an ceann iarraidh dul ar an cholainn le tréan draoidheachta, agus chuaidh sé de léim eadar an chionn ‘sa’ colainn go bhfuair an cholann bás. Shuidh sé síos ag taoibh an chinn, agus shásamh air tharraing sé aníos as a phóca sgin phinne agus ghearr sé an teangaidh as an chionn agus chuir sé síos i na phóca i. D’éirigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall