Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)

Suíomh:
An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraic Ó Breisléain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 35

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 35

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhín Mhór
  2. XML Leathanach 35
  3. XML “An Crochaire Tarnocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fheárr a dheánamh leat mur gcaithfidh mé fríd spéir an aeir thú agus mhuineal a bhriseadh teacht anuas duit”.
    “Cha dteána ceachtar aca liomsa”, arsa Don Ó Dubhthaigh, “acht le h-aghaidh cóir agus cearth a bhaint as do chionn salach meallanach thainic mise annseo”. Cia ‘ca is fheárr leat”, ars’an fathach, “greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht’ nó sgiana glasa i mbarr easná a chéile?”.
    “Is fearr liom greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht’”, arsa Donn Ó Dubhthaigh, “is iad a chleacht mé i mbaile bheag is i mbaile mhór, i gcúirt m’athara agus mó mháthara fhéin, agus is iad a bhéas agam anois, i n-áit a mbéidh mo chrúibíní mion-uaisle ag éirighe suas ar do spágaibh móra madardha mío-stumachsa, a bheithidigh”.
    An tráth bhrir an bhéirt ar a chéile rinne siad bogán d’en creagán d’en bhogán, toibreacha fíor-uisge i lar na gcloch glas: ní rabh duine ó íochtar an domhan go dtí uachtar an domhan nach ag géar agus ag iomus ar an dís a thainic.
    Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh nach rabh fear leaghtha no a spreaghtha nó a thruaighe le fághail thóg sé a mheisneach i mbeannan a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Ó Breisleáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó hUiginn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall