Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 32
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus nach gcualaidh sé aon nídh ariamh bhí cosamhail leobhtha.
“A rí da ngéillimh is a rí dá bhfóghn’im, goidhe an sgéal do na trí gháire, nár chualaidh mé a léithidh ariamh i n-uaimh no i n-oileán ó rughadh mé?”
“Crádh ort, a dhuine dhona ghránna”, ar sise “na nach gcualaidh tú iomrád ar na trí fathaigh ata le troid le Mac-Ríogh faoi Thuinn fá inghín ríogh Ghréag? Má gheibh Mac Ríog faoi Thuinn buaidh ar na trí fathaigh is leis fhéin ingéan ríog Ghreag gan bhuille gan urchar, agus má gheibh aon fhear dhe na fathaigh’ buaidh air, is leobhtha fhéin í”.
“Och cóirigh fúm cóirigh tharm ní mé atá ag dréim lé ingin an ríog”, arsa Donn Ó Dubhtaigh. Dá luath ‘s ar éirigh an lá is luaithe na sin a d’éirigh Donn Ó Dubhthaigh, nígh sé a éadán, chíor sé a cheann, agus bhí a bhriocfasta réidh ag an t-seanbhean, agus rinne sé a bhriocfasta. Chuir sé an diallaid ar an bheithidheach agus an srian, agus tharraing sé leis ar ghreim srian í go dteachaidh sé síos go bruach na trága, ins an áit a rabh Mach Ríogh faoi Tuinn agus ingéan ríogh Ghréagh ag glacadh an aeir aniar agus siar cois na trágha.
Nuair a chonnaic Mac Ríogh faoi Thuinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall