Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 31
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sé cómhair fhad leis a chúirt agus smaoi’tig nach rabh ‘fhios aige goidé an cineal duine a bhí ins an rígh, agus go mbféidir gur ‘un báis a chuirfeadh sé é gan ceathramha anamha gan tagail, agus go mbfeárr do fanacht uadh go bhfeicfeadh sé goidé an nádúir a bhí aige.
Thréig sé cúirt an ríogh agus chuaidh sé síos bealach eile agus casadh isteach e ina dteach bheag dheas dheismear. Ní fhuair sé ann acht seanbhean aosta. D’iarr sé ósd na h-oidhche go maidín uirthí. Dubhairt sí nach rabh áit aici d’fhóghnóchadh do ghaisgidheach d’a mhac-a-samhail.
“Maise”, ar seisean, “nuair atá tú fhéin ag deánamh leis i gcomhnuidhe, nach bhfuil sé maith go leor agam-sa oidhche amháin”. Dubhairt sí leis a bheithidheach a ceangal d”on doras agus a theacht ar aghaidh. Thainic sé ar aghaidh, agus d’éirigh an t-seanbhean, agus chuir sí síos uisge ar an teinidh, agus d’iarr sí air a chosa a nighe ins an uisge theith, no go rabh sé tuirseach.
Nuair a bhí a chosta nighte aige d’éirigh sí in a suidhe, agus rinne sí réidh a shuipear.
Nuair a bhí a shuiphear deánta aige chóirigh sí leabaidh mhín luachra dó. Chuaidh sé a luighe, agus ní fada a bhí sé in-a luighe nuair a sinneadh na trí gháire ba mhó a chualaidh sé ariamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall