Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 263
- XML “Clann Uisnigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a fhocal. Ní rabh aon lá da rabh siad in Albain nach rabh teachtaire ag dul fa na gcoinne ag iarraidh orta a teacht ar-ais. Thiocfadh na gaisgidheacha acht ní leígfeadh Deirdre dobhtha na bhí fhios aici go h-imtireochadh Rí Uladh feall ortha. Bhí go maith agus ní rabh go holc chuir Rí Uladh a chara féin ag iarraidh ortha a theacht agus go dtabhairfeadh sé maitheamhnas dobhtha agus indiaidh mórán cainnte tug Deirdre isteach dobhtha agus d’imtigh an ceathrar ag tarraingt ar Rí Uladh. Nuair a táinig siad cuireadh failte mhór rompa agus bhí féasta mór réidh ag na daoine dobhtha i dteach na Craoibhe Ruaidhe. Nuair a suidhe an ceathrar thart fan tábla tug Naoise fa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Fhloinn
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall