Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 153
- XML “Na Seacht gCúpla Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean lanamhain ann uair amháin agus bhí seacht gcúpla mac aca agus gasur amháin leis féin. Bhíodh na paistí seo amuigh i gcomhnaidhe ag deanamh grinn dhobhtha féin gach cúpla mar tháinig siad ar an tsaoghal agus an gasur a bhí leis fein bhiodh sé i gcomnaidhe taobh amuigh den doras ag deanamh grein do fein.
Lá amháin tháinig an th-athair isteach agus bhí a bhean ‘na suidhe ag caoineadh i cois na teineadh mar bhí siad an bhocht agus ní rabh aon rud faoi bhallai an toigh aca le hithe. Níor labhair an fear tamall agus ins an deireadh dubhairt sé le an mnaoi_”Bhi mé ag smaointeadg na páisti a chur ins an sciobol anocht agus nuair a bhéadh an meadhon oidhche ann an sciobol a chur ar theinidh na ní thig linn biadh a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cait Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall