Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 249
- XML “Ceití an Chúil Ghearbaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deanta agat orm anois. Tar anall anois agus fan agam a coidhche agus béidh mé go maith duit. Ní rachfaidh maise arsa Ceiti na dheanfa an rud ceadhna liomsa a rinne tú leis an chuid eile. Bhal arsa sise tar anall tamall beag ag meadhar. Ní rachfaidh maise arsa Ceiti. Bhí tusa ag meadhar annsin agus béidh mise ag meadhar annso, agus thoisigh sí ag léimnigh anairde san áit i rabh sí agus ní rabh ag cailleach na gcearc acht imteacht léithi abhaile agus í ar mire le feirg. D’imtigh Ceiti léithi agus an coileach léithi go dtáinig sí fad leis an tighearna. Thug sí an coileach do agus annsin pósadh Ceiti agus mac óg an tigearna. Thug an tigearna leath a cuid talaimh agus leath a cuid saidhbhreas dobtha. Bhí bainis aca a mhair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall