Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 383
- XML “Mághnus Ó Maolagáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mághnus O MaolagáinBhí sin ann i bhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí fear na chómhnuidhe amuigh annsin ar an Mín Mhóir a dtugadh siad Mághnus O Maolagáin air. Ní rabh aige ach a mhathair agus os rud é go rabh sise ag éirigh aosta anshasta ba mhinic a d'iarradh sí ar Mhághnus amharc thart agus cuideadh a fhághail. Ach bhí barraidheacht dúil sa tsiubhal ag Mághnus agus deireadh sé le na mhathair i gcómhnuidhe go rabh sé in am go leór go fóill le na bhacan a sháthadh. Ní rabh gar de'n tsean mhnaoi a bheith ag cainnt leis.
Bhí go maith 'sní rabh go h-olc go dtainig oidhche Shamhna amháin agus go dteachaidh Mághnus agh áirneál mar do ghnídheadh achan oidhche o Aonach an Fhóghmhair go Lá Beáltaine. Ag gabhail thart le taoibh an liosa a bhí taoibh thoir de'n teach do shíl sé gur chualaidh sé callán istigh san lios. Chuaidh sé níos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann