Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhean go g-caithfeadh sé an páipéar a thaisbeaint do’ maighistir sa chruth go mbéadh fhíos ag a mhaighistir go raibh sé ag deanadh obair mhaith nuair a bhí sé ar shiubhal.
Nuair a dimthigh an diabhal thóg an bhean an croich cheasta as an teinidh, agus ní raibh sí dóighte ar chor ar bith. Le sin shiubhal Gráinne Oi isteach chun toighe chuici agus bhí sí ag iomchar scála mór bidh. “An da mo tharraing sé isteach i Líos Na Sídhe atá tú” arsa an bhaintreabhach le Gráinne Oi. Damharc Gráinne Oi uirthi ná shíl sí gur chaill an bhean a ciall.
Nuair a d’innis an bhaintreabhach do Ghráinne Ói fa’n fhear a tháinig isteach, dinnis Gráinne Ói duithe gurbh é an diabhal a bhí ann. Nuair a dinnis Gráinne Oi do’n bhaintreabhach gurbh é an diabhal a bhí ann, dfhiafruigh an bhaintreabhach do Gráinne Oi goidé a ba chóir duithe’ dheánadh leis an sparán. “Caith isteach sa teine é”, arsa Gráinne Oi “agus abair, dhiúltuighim do’n diabhal a’s a chuid oibreacha”. Ni luaithe a chaith sí an sparán isteach na tháinig an diabhal in a lathair agus dubhairt; “Ní thig leat mise a dhiúltughadh, is liomsa thú in aindeoin sagairt, easpoig, na pápa. Rinne tú an margadh le do láimh fhéin”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Cormaic
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall