Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”
  4. XML “Tobar an Dúin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na luighe agus biorán suain ina ceann. Sgairteadh ar “Shúil le Gunna”. Sgaoil sé amach an bioran suain as a cheann agus mhusgail Cos Lúthmhar. Déirigh sé, Rith sé agus fuair suas le Cailleach Na gcearc, leag í agus bhain an buideal uaithe agus shroich an teach roimpi. Bhí án inghean bainte. Chuaidh an fear beag agus deireadh eile a mbealach féin. Chuaidh mac an righ agus inghean na bainrioghna go h-Éirinn agus posadh iad. Bhí bainfeis aca a mhair lá agus bhliadhain agus bhí an lá deireannach comh maith leis an chead lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá a lán de thobair bheannuighthe i gCo Dhun Na nGall agus is tobar an Dúin an ceann is mo trácht air. Seo an doígh a bhfuair sé a ainm. Bhí sagart iongantach cráibhteach ann uáir amhain darbh ainm an t-athair O’Frighill. Bhí sé ag léagas na ndaoine o gach uile cinéal aicideacha. Bhí na sgorthai agus na sgorthai daoine ag teacht chuige achan lá, agus ní thiocfhadh leis freastal ar deireadh aca. Sa deireadh rinn se amach ar thobar a dheánadh. Acht ní rabh fhios aige ca h-ait le na dheanadh. Am amhain bhí sé ‘san Róimh agus bhí sé ag guidhe ca h-áit a shndeanfhad sé an tobar. Dfág sé slat na dhiaidh. Ar theacht arais do bhí an tslat sáithte ‘san áit seo. Ghlac sé seo seo mar chomhartha agus fuair sé an tobar deánta ‘san áit. Tháinig na daoine chuig an tobar annsin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge