Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí an bhainrioghan Bhictoria marbh thárluigh rud mór i dteach ar na Gleanntaí. Bhí sé na dhligheadh na toighe táibhrinne a bheith druidhte ar an deich o chlog sa’n am sin. Oidhche amháin bhí scaifte daoiní astoigh i dteach taibhrinne indiaidh an deich o chlog. Chualaidh fear a toighe go raibh na saighdiuirí dubha ag teacht agus bhí - an - eagla [ai]? Duine fad-cheannach a bhí ann agus smaoitigh sé ar phlean.
D’iarr sé ar an bhunadh a bhí astoigh leigean ortha fhéin go raibh siad ag rádh paidrín do anam na bainrioghna bhictoria a bhí faoi clár sa’n am [seo]? Síos ar a n-glúine leis an iomlán aca. Tamall na dhiaidh sin tháinig na saighdiuirí dubha un doras agus d-éirigh duine eighinteacht agus leig isteach iad. Níor dhubhairt an bunadh a bhí astoigh dadaidh acht leanaint, leobhtha ar an phaidrin go duthrachtach. Chuaidh na saighdiuirí dubha a bhí na g-catoilicigh síos ar a n-glúine agus d’fan na saighdiuirí eile go raibh an paidrín thart. Dhubhradh paidrín cúig n-deichneabhar deág agus ní raibh ainmneadh ar an méid ruible a chuir siad leis.
Tugadh an dligheadh dobhtha cionnus go raibh an teach táibhrinne foscailte indhiaidh an ama. Dubhairt an breitheamh nach dtiocfhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Baoighill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann