School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhean go g-caithfeadh sé an páipéar a thaisbeaint do’ maighistir sa chruth go mbéadh fhíos ag a mhaighistir go raibh sé ag deanadh obair mhaith nuair a bhí sé ar shiubhal.
Nuair a dimthigh an diabhal thóg an bhean an croich cheasta as an teinidh, agus ní raibh sí dóighte ar chor ar bith. Le sin shiubhal Gráinne Oi isteach chun toighe chuici agus bhí sí ag iomchar scála mór bidh. “An da mo tharraing sé isteach i Líos Na Sídhe atá tú” arsa an bhaintreabhach le Gráinne Oi. Damharc Gráinne Oi uirthi ná shíl sí gur chaill an bhean a ciall.
Nuair a d’innis an bhaintreabhach do Ghráinne Ói fa’n fhear a tháinig isteach, dinnis Gráinne Ói duithe gurbh é an diabhal a bhí ann. Nuair a dinnis Gráinne Oi do’n bhaintreabhach gurbh é an diabhal a bhí ann, dfhiafruigh an bhaintreabhach do Gráinne Oi goidé a ba chóir duithe’ dheánadh leis an sparán. “Caith isteach sa teine é”, arsa Gráinne Oi “agus abair, dhiúltuighim do’n diabhal a’s a chuid oibreacha”. Ni luaithe a chaith sí an sparán isteach na tháinig an diabhal in a lathair agus dubhairt; “Ní thig leat mise a dhiúltughadh, is liomsa thú in aindeoin sagairt, easpoig, na pápa. Rinne tú an margadh le do láimh fhéin”.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Nic Cormaic
- Gender
- Female
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal