Pádraig Mac Giobúin Mar ar leath 10Bhí dream le Diarmuid agus Gránia 'na gcomhnuidhe i bpoll ins na Cruachaibh Gorma. Tháinig eagla ortha agus dubhairt siad go rabh Fionn agus na Fianna ag teacht agus d'imthigh Diarmuid agus Gránia. D'fhan an chuid eile. Nuair a bhi siad ag teacht isteach 'barr an Ailt Deirg mhothuigh siad an buithrigh ag an bhunadh eile, nó tháinig na siaghdiúirí agus mharbh siad deireadh aca. Chuaidh Diarmuid agus Gránia fhad le h-áit a rabh beanntreacha thart fa dtaobh de. Sháruigh sé ar na Fianna iad a fhághail. Deirtear go bhfuair siad bás annsin. Tá an t-ainm Leabaidh Dhiarmuda agus Gránia ar an áit ó shoin.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »